Cuireadh an Fhéile ar ceal i mí Mheithimh mar gheall ar bhás dhuine de bhúnadh an Oileáin. Ní bheidh Féile ar siúl i mbliana ach eagrófar Feis Thoraí i mí Lúnasa
Trathnóna Dé Sathairn beidh comórtais na Feise á reachtáil san Ionad Pobail; beidh comórtaisí ann do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Tá rialacha na gcomórtas le feiceáil ar leathanach, “Comórtais na Feise”.
Is sa Club Sóisialta Oíche Shathairn a bheidh an Céilí Mór ar siúl – agus ní bhfaighfear ceol, damhsa ná amhránaíochta níos fearr áit ar bith.
Sceideal 2017
Dé Sathairn, 12 Lúnasa
Feis Thoraí
Ionad Pobail 2.00—5.00
Céilí Mór
Club Sóisialta 10.00 i.n.
Feis Thoraí 2017