Bádai na dTrí Seol

Anocht is mé ag meabhrú liom thart siar fán Ghaineamh Mór
Ar na curaigh is ar na rámhaí, ar na bádaí is ar na seoil
A Rí nár mhéanair dá bhfeicfinn iad ag dul síos an Camas Mór
Is an fhoireann ag teannadh an éadaigh orthu is ag cur sprait insa tseol mhór.

Nár dheas dá bhfeicfeas muid na bádaí seo arís ag teacht anoir ag Uamhaigh an Toir Mhóir
Cuid eile acu ag Carraig an Mhullacháin is iad istigh in imeall an chúir
Fear na binne ag Ulaidh Mhórada is a bhairéad go hard ina láimh
Na scadáin ag déanamh srutha is iad istigh ag an Bhoilg Bhán.

Nár dheas dá bhfeicfeas muid na bádaí seo arís agus iad faoi trí seoil
Fear na stiúrach is an scód ar a ghlúin aige is é ag amhanc amach faoin tseol
Na two pins ar thaobh an fhoscaidh is iad ag cur na farraige go hard
Is fear eile i bpoll an taomtha is an capán ina láimh.

Nach iomaí sin lá breá garbh a bhí muid ag tarraingt ar tír mór
Le jib is le seol tosaigh is le cos déanta den tseol mhór
Bhí an Corrán ar ghob an Iarthair againn is an ghaoth ag éirí ard
Is muid ag dréim le dhuil an Clochán ach bhí an fharraige rómhór.

Le smaointiú ar an tsaol atá ann anois, tá an t-am i bhfad níos fearr
Níl bád le cur síos ná aníos againn ná curach le cur ar snámh
Níl bairneach le baint de chloch againn tá an t-iasc sna siopaí le fáil
Níl móin le tabhairt as tír mór againn, tá an gual níos fusa a fháil.

Ach caithfimid smaointiú ar na fir seo anois mar go bhfuil siad uilig ar lár
Nach iomaí sin lá mór fada chaith siad amuigh ar an aibhléis mhór
Ag roiseadh ‘gus ag cornadh le sruth líonta agus le sruth trá
Tá súil as Rí na nGrást agam go bhfuil áit acu níos fearr.